Scoileanna Nua
Tá deis iontach ag tuistí tacú linn Gaelcholáiste nua a bhunú dá bpáistí. Tabharfaidh an físeán seo achoimre duit ar a bhfuil i gceist.
An Foras Pátrúnachta
Cad é An Foras Pátrúnachta?
Is muid an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal. Is príomhphátrún ar scoileanna ilchreidmheacha muid freisin. Freastalaíonn breis agus 17,000 dalta ar ár scoileanna i 22 contae.
Is mian linn go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do chách.