Deis do thuistí
Ba mhian leis An Foras Pátrúnachta oideachas ilchreidmheach lán-Ghaeilge a chur ar fáil do thuistí ar fud na hÉireann.
Tá sé i gceist freisin scoileanna lán-Ghaeilge reatha faoi phátrúin eile a thabhairt faoinár gcúram ionas go mbainfidh na scoileanna sin tairbhe as feidhmiú faoi phátrún lán-Ghaeilge.
Is próiseas neamhspleách é seo ar an bpróiseas scoileanna a bhunú as an nua.
Faigh sonraí thíos ar suirbhéanna dífheistithe i measc tuistí réamhscoile.
Dífheistiú Scoileanna
Eolas maidir le scoileanna a dhífheistiúTuistí
Ar mhaith leat rogha gaelscoile do do pháiste. Seo deis iontach duit!Tá suirbhé seolta inniu ag an Aire Oideachais ar réamhscoileanna i sé cheantar déag timpeall na tíre chun a fháil amach an bhfuil tuismitheoirí sásta leis an rogha scoileanna atá acu.
Cuirtear an ceisteanna seo ar thuismitheoirí:
Iarraimid ar gach tuismitheoir na suirbhéanna seo a líonadh chun cinntiú go bhfuil an rogha ag páistí oideachas lán-Ghaeilge a bheith acu.
Is féidir na suirbhéanna a fháil i réamhscoil do pháiste.