Fúinn
Is muid an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal.
Is eagraíocht bainistíochta aitheanta muid freisin. Is mian linn líon na scoileanna lán-Ghaeilge a fhás ionas go mbeidh gach tuismitheoir in ann teacht ar ghaelscolaíocht dá bpáistí. Tá breis agus 70 scoil bunaithe againn ó 1993 & ba bhreá linn ár saineolas a úsáid le scoth an oideachais a chinntiú do do pháiste.
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.
An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.
Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.