Image Alt

Domhnach Bat

  /    /  Domhnach Bat
Gaelscoil nua Ilchreidmheach ag oscailt 2020

Gaelscoil na Mara

Osclóidh An Foras Pátrúnachta Gaelscoil na Mara i Meán Fómhair 2020 agus í ag freastal ar cheantar Dhomhnach Bat. Is cúis áthais dúinn rogha nua a thabhairt do thuismitheoirí i nGaelscoil a bheidh comhoideachasúil, ilchreidmheach agus ilteangach. Tá fáilte roimh chách agus tá chuile duine ar chomhchéim #gaelscoil4all! Cuirfimid scoth an oideachais ar fáil dár ndaltaí agus cuirfimid sonas ár ndaltaí sa chéad áit i gcónaí.

 

An Fhoireann

Tá an próiseas tosaithe againn Príomhoide a earcú. Déanfaimid an dara múinteoir a cheapadh le linn an tsamhraidh freisin. Is é 16:1 an cóimheas is mó a bheidh ag na daltaí ag tosú linn i mí Mheán Fómhair.

Cláraigh do 2020

Tá clárúchán oscailte do Naíonáin Bheaga 2020 anois.
1. Tá an fhoirm chlárúcháin do 2020 ar fáil anseo.
2. Tá an polasaí iontrála do 2020 ar fáil anseo.

Seol gach foirm chlárúcháin ar rphost go: gsnamara@foras.ie

Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh an scoil ag glacadh le clárúcháin an bhliain sula dtosóidh an páiste ar scoil amháin. Tá an socrú seo ag teacht le forálacha san Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2018.

Foirm Léirithe Spéise do 2021, 2022, 2023, 2024

Cuirimid fáilte roimh léirithe spéise do Ghaelscoil na Mara. Má tá do pháiste ag tosú ar scoil in 2021 nó níos déanaí, tá fáilte romhat spéis a léiriú sa scoil ach an fhoirm a chomhlánú thíos. Rachaimid i dteagmháil le tuistí a chomhlánann an fhoirm nuair a osclóidh clárúchán an bhliain sula dtosóidh an páiste ar scoil.

Tá an Fhoirm Léirithe Spéise ar fáil anseo. Seol ar rphost go: gsnamara@foras.ie.

Sonraí Teagmhála

Seol rphost chugainn: gsnamara@foras.ie nó cuir glaoch ar ár mBainisteoir Scoileanna Nua, Cormac, ar : 01-2150191.

Ceisteanna Coitianta

Tá go leor eolais ar an leathanach seo.

Cruinniú Poiblí

Beidh cruinnithe ar líne fad a bheidh daoine neadaithe sa bhaile.

Suíomh

Osclóidh an scoil ar Bhóthar Phort Reachrann. Bogfaimid go dtí an foirgneamh buan sa Chorrbhaile ar na mallaibh.

Facebook

Lean ar Facebook muid! Gliogáil ar an lógó chun cuairt a thabhairt.

Gaelscoil nua i nDomhnach Bat

Seinn an físeán chun léargas a fháil ar Ghaelscoil nua i nDomhnach Bat