Image Alt

Teach Sagard

  /    /  Teach Sagard
Gaelscoil nua Ilchreidmheach ag oscailt 2021

Gaelscoil Lir

Osclóidh An Foras Pátrúnachta Gaelscoil Lir i Meán Fómhair 2021 agus í ag freastal ar cheantar Iarthar na Cathrach, Teach Sagard, An Caisleán Nua. Is cúis áthais dúinn rogha nua a thabhairt do thuismitheoirí i nGaelscoil a bheidh comhoideachasúil, ilchreidmheach agus ilteangach. Tá fáilte roimh chách agus tá chuile duine ar chomhchéim #gaelscoil4all! Cuirfimid scoth an oideachais ar fáil dár ndaltaí agus cuirfimid sonas ár ndaltaí sa chéad áit i gcónaí.

 

An Fhoireann

Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Phríomhoide Sinéad inár scoilphobal. Cuirfidh a réimse leathan taithí agus paisean don oideachas go mór le saol na ndaltaí. Beimid ag súil lenár gcéad mhúinteoir ranga a earcú go luath. Bainfidh ár ndaltaí tairbhe as cóimheas Daltaí:múinteoir thar a bheith íseal.

Cláraigh do 2021

Tá clárúchán ar oscailt. Comhlánaigh an fhoirm agus seol chugainn í.
1. Tá an Fhoirm Chlárúcháin do 2021 ar fáil anseo
2. Tá an Polasaí Iontrála do 2021 ar fáil anseo
3. Tá an Fógra Iontrála do 2021 ar fáil anseo

Seol gach foirm chlárúcháin ar rphost go: gslir@foras.ie

Foirm Léirithe Spéise do 2022, 2023, 2024, 2025

Cuirimid fáilte roimh léirithe spéise do Ghaelscoil Lir. Má tá do pháiste ag tosú ar scoil in 2022 nó níos déanaí, tá fáilte romhat spéis a léiriú sa scoil ach an fhoirm a chomhlánú thíos. Rachaimid i dteagmháil le tuistí a chomhlánann an fhoirm nuair a osclóidh clárúchán an bhliain sula dtosóidh an páiste ar scoil.

Tá an Fhoirm Léirithe Spéise ar fáil anseo. Seol ar rphost go: gslir@foras.ie.

Suíomh na scoile

Beidh an scoil ag oscailt i mí Mheán Fómhair ar an gcampas céanna le dhá scoil nua eile, SNOC Ráth Cúil agus Coláiste Pobail Fóla. Tá an suíomh seo trasna ó stad Luas Theach Sagard (éirchód D24 R920). Tugadh cead pleanála deireanach dár foirgneamh buan (taobh leis an gcéad champas) san earrach agus táimid ag súil go mór leis an obair tógála ag tosú ar an suíomh ar ball. Is féidir leat súil a chaitheamh ar na pleananna anseo, anseo agus anseo.

Sonraí Teagmhála

Seol rphost chuig Príomhoide Sinéad: gslir@foras.ie / glaoigh ar 0830293932 nó cuir glaoch ar ár mBainisteoir Scoile, Cormac, ar : 01-2150191.

Ceisteanna Coitianta

Tá go leor eolais ar an leathanach seo.

Cruinniú Poiblí

Beidh cruinnithe ar líne ag teacht le comhairle shláinte phoiblí.

Suíomh

Beidh an scoil lonnaithe i Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn.

Facebook

Lean ar Facebook muid! Gliogáil ar an lógó chun cuairt a thabhairt.

Gaelscoil nua i dTeach Sagard

Seinn an físeán chun léargas a fháil ar Ghaelscoil nua i dTeach Sagard