Image Alt

Plean Náisiúnta

  /  Plean Náisiúnta
Plean Náisiúnta

Deis do thuistí

Ba mhian leis An Foras Pátrúnachta oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do thuistí ar fud na hÉireann ar mian leo é.

Ach, tá bearna mór ann idir an soláthar reatha agus an t-éileamh (taighde ESRI, iarratais ar scoileanna nua agus taighde Kantar), féach íomhá thíos (nó pdf ar ardchaighdeán anseo).


Ní bheidh bunú scoileanna nua ná comórtais phátrúnachta in ann an bearna sin a líonadh. Mar sin, is plean nua é seo atá neamhspleách ar an bpróiseas reatha.

Tá sé de sprioc ag an stát sa Chlár Rialtais an líon daltaí sa ghaelscolaíocht a dhúbailt. Tá an obair maidir le Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge a ullmhú tosaithe. Tagann ár bPlean Náisiúnta le spriocanna an Stáit.

Plean don Ghaelscolaíocht

Eolas maidir leis an bplean chun tacú leis an ngaelscolaíocht fás
An Plean

Príomhphointí

Seo a leanas cuid de na príomhphointí a mholaimid chun soláthar níos fearr a chinntiú

Cuirtear san áireamh gnímh a bhí rathúil i dtíortha eile m.sh. An Bhreatain Bheag

Príomhphointí:

Teastaíonn múnla gur féidir le scoileanna iompú ó oideachas meán-Bhéarla go lán-Ghaeilge

Gaelcholáistí a bhunú san 8 gceantar nach bhfuil aon soláthar ag an meánleibhéal ag freastal ar líon ard daltaí sna gaelscoileanna

Scoileanna lán-Ghaeilge reatha a fhás

Beidh cóip den phlean ar fáil anseo ar ball.